Scoil: An Cheapach (uimhir rolla 14508)
- Suíomh:
- An Cheapach, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Seosamh G. Ó Cléirigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Cheapach
- XML Leathanach 0102
- XML “Lucht Siúil”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tagann lucht siubhal go dtí mo theach ó am go h-am. Is iad na daoine céadhna a thagann igcómhnuidhe beagnach. Tagann Muinntear Stoces agus Muinntear Mongain agus Mac Suibhne. Díolann siad cannai agus cupáin stáin agus lampaí stáin. Ceannuightear cuid de na rudaí sin uatha san áit seo. Gheibheann siad stáin ó na siopadóirí agus déanann siad na h-earraidhe. Tagann fear eile thart agus bíonn sé ag díol rásúir, cíora, bior i gcóir bónnaí agus caola na lámh agus agus a lán neithe eile.Ní bhíonn fáilte rómpa ins na tíghtibh. Ní fhanann siad acht tamall geárr i ngach teach. Codluigheann siad ar thaobh an bhóthair i gcampaí. Ní thugann siad bíadh dóibh féin thart leo. Iarann siad déirce ins na tíghthe. Íarann siad plúr, siucre, tae, bainne, fataí, féar, agus móin. Tugann na daoine déirce dóibh. Bíonn na mná ag íarraidh déirce i gcómhnuidhe. Nuair a gheibheann siad déirc, deireann siad, "Go méadhuighte Dia do(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Úna Ni Fhinnearáin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 15
- Seoladh
- Na Bogáin, Co. na Gaillimhe