Scoil: Baile an Mhuillinn (B)
- Suíomh:
- Baile an Mhuilinn, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Pádraic Ó Discín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)baineadh an chrathadh as an gcomhluadar a bhí 'san gcóiste. Tháinic fearg ar an tighearna (fearg gan ádhbhar) agus thug sé an tordú seo do'n bháille 'gan cloch nó maide fhágáil i n-a sheasamh 'san mbaile sin roimh dul faoi do'n ghréin lá ar n-a bhárach.'Leagadh an bhaile agus ruaigeadh (?) na daoine go dtí portach Baile na Mónadh. Cuireadh tighthe ar bun dóibh annsin ach chuir an tighearna, coill, ós a gcomhair amach gan solus na gréine a leigint isteach aca. Is amhlaidh a shíl sé iad a múchadh agus a báitheadh.Cuireadh mo shean-athair mór amach ar an tsráid agus é ceithre sgór bliadhanta d'aois. Dubhairt duine eicínt annsin é leigint isteach ar feadh n-a h-oidhche agus nuair a (?) fuair sé fhéin istigh d'fhan sé istigh agus níor cuireadh amach arís é. Maoir a bhí ann do'n Bhóidicíneach agus bhí saoghal cruaidh aige.Théigheadh na daoine go dtí an tighearna leis an obair a dhéanamh dhó: (?) sé an páighe a gheobfadh siad - ceithre pighne 'san lá. (?) Bhí báillí aige freisin - chruinneóchadh an chíos agus ní túisge a bheadh beithidhigh díolta ag duine nach mbeadh an báillí chuige agus chaithfeadh sé cuid do'n airgead a fhágháil.Maitiú mór a tugtaoí ar an mbáille a bhí ag obair do'n Bhóidícineach agus fear(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Pádhraic Ó Coisdealbha
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Clais an Ghainimh, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Máire Ní Coisdealbha
- Gaol
- Duine gaolta (nach tuismitheoir ná seantuismitheoir)
- Inscne
- Baineann