Scoil: Baile an Mhuillinn (B)
- Suíomh:
- Baile an Mhuilinn, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Pádraic Ó Discín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Chuala mé faoí go leór daoine a bhí ar meisge agus ní raibh siad i n-an dul abhaile. Bhí fear an aon uair amháin agus aon oidhche amháin chuaidh sé ar meisge. Bhí sé ar meisge amach sa 'mach agus ní raibh sé i n-an dul abhaile. Bhí rothar aige freisin. Fá dhéire is fá dheoidh b'éigean do'n fhear dul abhaile. Cheap sé go raibh sé i n-an dul ar an rothar ach ní raibh sé.
Léim sé suas air agus isteach leis go dtí póll mór uisge a bhí le taoibh an bhóthair agus an rothar leis. Ní raibh an fear a n-an aon rud a dhéanamh annsin. Ach céard a thárla do ach thuit sé i n-a chodladh ar an uisge agus é in-a shuidhe ar an róthar.
Bhí go maith agus ar maidin bhí a dhaoine féin ag tóruigheacht an fir bhoicht agus cá bhfághadh siad é ach shíos 'san bpóll agus é fliuch go maith. Chuaidh sé abhaile agus bhí sé in a leabaidh go ceann mí nó mar sin. Sin e an rud a thiocfas ar daoine a beas ar meisge.- Bailitheoir
- Criostór Ó Gruagáin
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Tomás Ó Brían
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Ard na nGall, Co. na Gaillimhe