Scoil: Baile an Mhuillinn (B)
- Suíomh:
- Baile an Mhuilinn, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Pádraic Ó Discín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sgéal faoí thaidhbhse
Bhí bean in a comhnuidhe aon uair amháin í Muileann tirm agus fuair sí bás. Nuair a bhí sí caillte cúpla mí bhí fear ag dul amach aon oidhche amhain agus chonnaic sé an bhean a fuair bás in a seasamh ar thaobh an bhothair í n-aice lé siopa.
Oidhche eile bhí bean ag dul amach agus chonnaic sí an bean ceadhna in a seasamh ar thaobh an bothair í n-aice an t-seop[a.] Nuair a chonnaic an bhean a bhí ag dul thart an bhean a fuair bás rith sí istea[ch] agus eagla mór uirrí agus dubhairt sí leis na daoine eile go bhfaca sí an bhean a fuair bás.
Chonnaic an sagairt í oidhche eile agus dubhairt an sagairt leis "cé'n áit ar tháinig tú as." Dubhairt sí leis an sagairt go raibh sí í seomra an t-siopa. Thóig an sagairt amach leabhar agus tosuigh sé ag leigheadh as agus d'imthigh an bhean agus ní faca duine ar bith í in a dhiaidh sin.- Bailitheoir
- Duirmuid Ó Gormshúil
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Tomás Ó Gormshúil
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Baile an Ruiséalaigh, Co. na Gaillimhe