Scoil: Crois Bhóthar
- Suíomh:
- Poll an Chorraigiúin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Eibhlín Ní Bhreitheamhan
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0039, Leathanach 0246](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0039%2FCBES_0039_0246.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0039, Leathanach 0246
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)ón tobar é. Tá crann ag fás ag an tobar.Fuair mé an sgéal seo a leanas ó mo shean-athair - Micheál Ó Lurgáin - acht níl sé ró-dheimhnigheach aige. Níl fhios aige cé'n t-ainm abhí ar an duine a rinne an gníomh mar is i bhfad ó shoin a thárla sé. Thóg an fear sin iasg as Tobar Garáin agus thug sé abhaile é. Chuir sé ar an teine é le é a bhruith, agus nuair abhí an taobh sin réidh le iompódh bhí sé ar tí é sin a dhéanamh acht léim an t-iasg ó'n teine agus d'imthigh leis. An chéad uair eile a chuaidh an fear chuig an tobar, chonnaic sé an t-iasg céádna agus taobh amháin dhe dóighthe.
Tugtar an t-ainm - Sruthán Brighde - ar an sruth atá in aice le Státhúin an Bhóthair Iarainn i dTuaim.Ó mo shean-athair is mo shean-mháthair is 70 bl. aois a fuair mé an t-eolas seo ar fad. Áine Ní Bhriain, Cluain Caoilbhigh, Tuaim- Bailitheoir
- Áine Ní Bhriain
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cluain Caoin Beag, Co. na Gaillimhe