Scoil: Naomh Nioclás, An Cladach (Buachaillí) (uimhir rolla 4501)

Suíomh:
Páirceanna an Bhaile, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
P.S. Ó Neachtain
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0031, Leathanach 0115

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0031, Leathanach 0115

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Naomh Nioclás, An Cladach (Buachaillí)
  2. XML Leathanach 0115
  3. XML “Ainmhithe na Feirme”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    ina gcuid amhráin agus ní bhíonn mórán tríoblóide aca chun iad do chrúdh. Ní bhíonn bó ag tabhairt bainne i gcomhnaidhe. Bíonn sí ar beagán bídh agus ní ólann sí uisge maith glan. Nuair a bhíonn duine ag cainnt faoí buaibh dhuine eile deirtear "go mbéidh beannacht Dé orra". Ní maith leo cainnt mar sin uaireannta mar ceaptar go bhfuil daoine ag magadh fútha nó ag iarraidh dónacht a gcur orra mbó.
    Nuair a dhóirtear bainne le linn crúidhte deirtear "go mbéidh ádh ar an méid atá fágtha". Ní bíonn fearg ortha mar tá fhios aca go bhfuil bó ar an ainmhidhe beannuighthe Dé. Bíonn déanamh mór orra nuair a bhreitheann an bhó ar laogh agus tugtar an bainne bhó do'n laogh ar an bpoinnte díreach. Tugtar "beastings" ar an mbainne mbuidhe seo. Bíonn coinnle beannuighthe ag mnaoi an tighe agus bíonn sí ag scrudú an bhó go cúramach. Thar éis sin bíonn siad in-ann é do chrúdh agus bíonn siad ar nuadh-dhéanamh aríst.
    Tá an muc ar an ainmhidhe is dána ar na h-ainmhidhthe go léir. Bíonn "máthair-muc" ar shean-aois go mór. Tugann an gabhar bainne maith do dhaoine. Déantar mórán úsáid as olann an chaoirigh.
    Bíonn siad ag glaodhach na gcapall mar seo:- peough, peough. Glaodhtar ar na buaibh:- prugaidh, prugaidh; ar na muca:- deóch, deóch, srl. Glaodhtar ar na héanlaithe:- na cearca:- tioc, tioc, tioc; ar na héanlaithe go léir deirtear :- dheist, dheist, dheist, tá na cearca roinnte mar: - "Leghorn", "Bracet", "An Chearc Dhubh"; tá "Leghorn" ar an gcirc is maithe chun ghuir. Bíonn sícíní go hán-lag agus déirtear:- peec, peec.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhaíochtaí
      1. gníomhaíochtaí eacnamaíocha
        1. talmhaíocht (~2,659)
          1. riar ainmhithe (~2,587)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Pádhraig O Dubhghaill
    Inscne
    Fireann
    Faisnéiseoir
    Éamónn O Dubhghaill
    Inscne
    Fireann
    Aois
    45
    Seoladh
    Na Duganna Nua, Co. na Gaillimhe