Scoil: Naomh Nioclás, An Cladach (Buachaillí) (uimhir rolla 4501)

Suíomh:
Páirceanna an Bhaile, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
P.S. Ó Neachtain
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0031, Leathanach 0088

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0031, Leathanach 0088

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Naomh Nioclás, An Cladach (Buachaillí)
  2. XML Leathanach 0088
  3. XML “Beggars”
  4. XML “Lucht Siúil”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Téigheann lucht siubhail ó áit go háit. Bíonn na tíncéairí ag teacht í na dreamanna acht tagann an fear déirce agus ní bhíonn aoinne leis :- An fáth sin ná :- da mbéadh beirt ann do bhéadh an obair aca chruaidh chun déirce a fhághail nuair a bhféachfadh na daoine iad.
    Téigheann siad istigh ins na tighthibh san mbáile mór agus nuair a bhionn fáilte rómpa innsigheann siad sgéalta a thurais. Ní bhíonn gádh ar dhaoine éisteacht leó i dteach amháin mar téigheann an fear innsint sgéalta istigh ins na tighthibh eile mar is fearr le daoine sgéalta sin mar bíonn siad go deas chun iad a chloisint.
    Fadó do bhíodh árd-nósanna ar an ferraibh déirce san agus mar a gheall ghéibheadh siad mórán airgid ó na daoine. Anois ní bhíonn siad mar san acht bíonn cuid aca go deas chughat. Is é atá leaghtha amach ag an "Éaglais Chataoilicigh" ná seo:- a bheith ag tabhairt déirce no "alms" do na daoine bochta san agus mar gheall go ngeobhfadh siad grásta ó Dhia is é san a dhéin-
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. daoine de réir aicme
        1. an lucht taistil (~3,023)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Pádhraig O Dubhghaill
    Inscne
    Fireann