Scoil: Naomh Nioclás, An Cladach (Buachaillí) (uimhir rolla 4501)
- Suíomh:
- Páirceanna an Bhaile, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: P.S. Ó Neachtain
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)an sionnach píosa cáise nuair a thuit an cháis ó bhéal an phréácháin. Agus is é an fáth go bhfuil sean-fhocail ann ar glicheacht ndaoine:- "Seachainn fear an fhláiméas."
"Rud ar bith a bhfuil gábhadh mór leis ghéobhfair slighe eicínt chuige" - Bhí préachán ann agus tart mhór air. Bhí beagán uisce i gcrúaiscín agus bhí an préachán ag iarraidh an t-uisce a n-óladh acht theip air. Chuir sé clochaí san gcruaiscín agus bhí sé in-ann an uisce a n-óladh annsin. Tá ciall mór ag bainnt leis an tsean-fhocail seo ar iarrachtaí láidre:- "Rud ar bith a bhfuil gábhadh mór leis ghéobhfair slige eicínt chuige."
"Níl neart gan chur le chéile" - Bhí cuigéar nó séiséár mac ag fear agus bhíodar ag troid go minic. Bhí seift ag an bhfear:- pé scéal é, fuair sé dordán slat agus rinneadar iarrachtaí ar iad a bhríseadh agus theip ortha. Bhí an fear in-ann a chéile ceann le ceann a bhríseadh. Tá ceacht le foghluim ó shin:- Is féidir leat gach rud a dhéanamh beagnach nuair a bhíonn sibh aontuighthe:- "Níl neart gan chur le chéile"- Bailitheoir
- Pádhraig O Dubhghaill
- Inscne
- Fireann