Scoil: An Gleann (uimhir rolla 14277)

Suíomh:
An Gleann, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Séamus Ó Domhnaill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1080, Leathanach 80

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1080, Leathanach 80

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Gleann
  2. XML Leathanach 80
  3. XML “Tiarnaí Talún”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Tighearnaí Talmhan.
    Bhí Liathdruim na chomhnuidhe ins an Mhaoil Ruaidhe ní rabh sé posta acht bhí seacht nó ocht mna na gcomhnuidhe ins an teach leis. Chuir sé cuid mhór daoine i bhFanaid amach as a gcuid tighthe. Lá amháin bhí sé ag dul go Conndae Liatdrom agus bhí fear darbh ainm Michéal Uí Luaig leis ag tiomaint. Nuair a thainig sé fhad le Coillidh Caitlín bhí beirt fhear ag fanacht le é a sgaoileadh. An oidhche roimhe sin d’innis daoine do Mhicéal go rabh siad ag dul a sgaoileadh leis agus sul ar fhag siad an teach chuir sé tairne i gcois an chapall agus d’fág sé bacach é. Cha rabh an chapall abaltá siubhal tapaidh annsin agus nuair a thainig sé fhad leis an coillidh cha rabh sé abalta siubhal ar chor ar bith agus thug sin faill dobhtha sgaoileadh le Liatrom. Bhí cota iarainn ar Liatrom agus nior mharbh siad é leis an chead urcar. Annsin fuair siad greim air agus bhuail siad é leis an ghunna agus mharbh siad é. Nuair a bhí an fear a bhuaileadh [leisuair]? Liatrom greim ar a chuid gruaige agus tharraing sé lán a lámha de ghruaige as. Nuair a fuair na daoine é marbh bhí an gruaig i na lamh aige. Thug siad é go Conndae Liatdruim agus chur siad é annsin.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. áit-spás-timpeallacht
      1. riaradh talún (~4,110)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máighréad Haimlet
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Carn na nGabhar, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Cáit Bean Uí Bhuidhe
    Inscne
    Baineann
    Aois
    73
    Seoladh
    Largantrean, Co. Dhún na nGall