Scoil: An Gleann (uimhir rolla 14277)

Suíomh:
An Gleann, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Séamus Ó Domhnaill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1080, Leathanach 48

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1080, Leathanach 48

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Gleann
  2. XML Leathanach 48
  3. XML “Toibreacha Beannaithe”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Tá tobar beannuighthe i gCarn-na-nGabhar. Tá sé ins an chnoc. Colmcille a choisrig é. Chonnaic sé an tobar lá amháin agus bhí lispín ann. Ghearr sé an chroichcheasta ar an tobar agus dubhairt sé nach mbeadh lispin san tobar sin níos mó. Tá sé istigh idir dhá chloich agus tá sé deánta i gcloich. Tá tobar beannuighthe i gCroidhe Bhuidhe. Tá sé i n-aice an bhealaigh mhoír. Saghart Ua Gja;;cjpnjaor a choisrigh é. Is le Domhnall Ua Ghallchobhair an pháire a bhfuil an tobar ann. Tá sé trí mhíle ó'n sgoil seo. Tá cuid mhór tór aitinne thart fa dtaobh de. Ní'l breac ar bith ann. Tá sé ag sileadh amach as chreig. Téidheann daoine ar thuras go dtí an tobar seo agus fagann siad bratagán ar bhruach an tobair agus bheireann siad uisge leo abhaile.
    Léigheasadh mo mhathair mhór Máighréad Bean - Mhic Lochlainn a t-ainm atá uirthí ag an tobar.
    Na páidireaca a deirtear ag an tobar is iad. Ar n-Athair atá ar Neamh agus Sé do bheatha a Mhuire agus an paidir ceadna do'n tSaghart a choisrigh é. Ní h-innstear aon sgéal fa dtaobh de. Ní'l aon la spéisalta ag na daoine le dul go dtí an tobar.

    Máighréad Haimlet
    Carn-na-nGabhar
    Carraig-Airt
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. ócáidí
      1. ócáidí (de réir trátha bliana) (~11,476)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máighréad Haimlet
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Carn na nGabhar, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Máighréád Bean Mhic Lochlainn
    Gaol
    Seantuismitheoir
    Inscne
    Baineann
    Aois
    75