Scoil: Druim na Rath (uimhir rolla 12428)
- Suíomh:
- Droim na Rátha, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Éamonn Mac Dhúrnáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)no mar sin. Tá sí marbh fa thuairm 50 mbliadhna agus ar an adhbhar sin tá sé níos mó no céad bliadhain ó chonnaic Maire an taidhbhse agus seo shíos an sgéal a d'innis sí:-
SGÉAL MÁIRE"Tá mé mo shean-bhean anois agus is iomdha rud a chonnaic mé agus is iomdha rud a chualaidh me rith mo shaoghal fhada acht a ní fhaca mé rud comh iontach ariamh a's an rud a chonnaic mé oidhche a thainig taidhbhse Conyngham orainn: is le m'athair agus le mo mhathair a bhí sí ag innse an sgéil."Tá se níos mó no da scór go leith bhliadhain o tharlaigh se acht ní deanfaidh me dearmadh ar an oidhche sin go racais mé bhí clár. Fuair mé fhéin agus mo fhear, - go ndeanaidh Dia trocaire air - cuireadh go teach duine muintearach amach ins an Chill Mac Neannain. Chaith muid an lá leobhtha agus bhí sé go measadhra mall nuair a d'fág muid, acht bhí an oidhche maith agus an geallach lán agus bhí capall bréagh láidir againn. Bhí Aodh - sin mo fhear - ins an dheallaidh agus mise ar Phillion ar a chúl. Dimthigh an bheirt againn agus is cuma linn ag an am fa dtaob do rud ar bith ar an dhomhain. Bhí an bheirt againn ogh (och! an óige; an óige!)""Chuaidh achan rud ar aghaidh go maith go chuir muid deich mile de'n bheallach tharainn. Acht nuair a thainic muid comh fada le baile mór stadfadh an capall anois agus arais agus leigfeadh sé corr scranfaigh as. Thoisigh Aod agus bualadh ar an creatur le fuip a bhí aige acht dubhairt me leis gan sin a deanamh no go rabh mé cinnte go rud(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Éamonn Mac Dhúrnáin
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Faisnéiseoir
- Máire Nic Shuibhne
- Gaol
- Duine neamhghaolta
- Inscne
- Baineann