Scoil: Ceathramhadh Ceanainn (C.) (uimhir rolla 10842)

Suíomh:
An Cheathrú Cheanainn, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Róisín, Bean Mhic Suibhne
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1073, Leathanach 349

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1073, Leathanach 349

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Ceathramhadh Ceanainn (C.)
  2. XML Leathanach 349
  3. XML “Tobar Beannaithe”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. An t-am a bhí Naomh Colmcille ag tabhairt an crois as Mucais isteach go Toraigh bris an chrois ag an t-sean roilig thior ag Raithte agus cha rabh siad ábalta an chrois a thabairt níos fuide. Shiubhal Colmcille agus a chuid manaigh sior go taobh an fhairrge agus iad ag cuartughadh aít mhaith le dul isteach go Toraigh i mbád. Bhí tart mór ortha agus chá rabh fhios acu áit ar bith le uisge a fhághail ann. Bhí bata mór ag Naomh Fíonán in a lámh agus bhuail sé an creig leis an bháta agus tháinig uisge amach as. D'ól siad uilig a sáith uisge agus tá an t-uisge sin ag teacht amach as an chreig go foíll. Ar an cúig adh lá déag de Mí Fóghmar sin an lá a theígheann an chuid is mó daoine fhad le eas Fíonán. Baineann na daoine dóbhtha a gcuid bróga agus siubhalann siad thart fán creig ag deanamh an turas. Bíonn clocha beaga ag na daonaí in a lámha leobhtha. Annsin rachann siad síos agus nigheann siad a gcuid lámha a gcuid cosa agus a n-aghaidh leis an uisge
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. ócáidí
      1. ócáidí (de réir trátha bliana) (~11,476)
    Teanga
    Gaeilge