Scoil: Ceathramhadh Ceanainn (C.) (uimhir rolla 10842)

Suíomh:
An Cheathrú Cheanainn, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Róisín, Bean Mhic Suibhne
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1073, Leathanach 336

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1073, Leathanach 336

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Ceathramhadh Ceanainn (C.)
  2. XML Leathanach 336
  3. XML “Cros Mhór Cholm Cille”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Cros Mhór Cholmchille
    Seo dán a sgríobh Antoine Ó Dochartaigh, An Fhálcarrach ( nach maireann) ar an Cros seo-
    (Cunntas na ndaoineadh ar cad fáth nár tugadh go Toraigh í)
    D'éirigh leo i dToraigh go sona's go bréagh
    O cuireadh 'n creideamh ar bun ann, ag feabshughadh gach lá
    Bhí cleír ann ag obair le dúthracht a gcroidhe
    A's bráithre 'tabhairt cuididh le cúram a's brigh;
    Thainic ann mórán daoineadh as Éirinn anall
    Go rabh pobal mór líonmhar 'san oileán ar ball,
    Nuair 'thigeadh Colm é féin ann badh shásta bhíodh sé
    Óir bhí grásta 's grádh Dé ann 's gan aoinneach ar strae.
    Acht go fóill, do réir a mheasa, bhí aon nidh dé dhith,
    A's go líonfidh an easbhaidh ní bhfhuigheadh sé scithiste ar bith,
    Cros deágh-chumtha na deilbh ó'n bhun go dtí'n ceann
    Ba mhaith leis i seilbh na n-uachtarán ann;
    Le h-adhbhar ceart 'fhaghail dí do shiubhail sé a lán,
    In ióchtar tíre, chois sáile, ní rabh sin dó i ndán,
    Acht fuair sé tuairisc dá mbíodh sé fan Mhucais 'muigh thuas
    Gur cinnte go bhfuigheadh sé a iarraidh le luas.

    Ní luáithe a chualaidh sé'n nuaidheacht 'na chuaidh
    Chuig an chnoc suas ag gluaiseacht 's fuair ann leac breág chruaidh
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    2. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
        1. naoimh
          1. Colm Cille (~265)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Caitlín Ní Cumhaill
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Droim na Tine, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    R. Ní Dochartaigh
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    An Fál Carrach, Co. Dhún na nGall