Scoil: An Sraith Mhór (uimhir rolla 15208)

Suíomh:
An Srath Mór, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Brighid Ní Ghaodhchain
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1073, Leathanach 43

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1073, Leathanach 43

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Sraith Mhór
  2. XML Leathanach 43
  3. XML “Murchadh Beag na Cruite”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    go rabh fios agus d'innis sé do fa'n eagcaor a rinne seisean ar Mhurcadh. Nuair a chualaidh a comraduidhe sin dubhairt sé le Magnus seasadh ar a cúlsan 'san líne agus rinne.
    Níor bh'fada go dtáinig Ó Domhnaill agus an"Níamograin" leis sin an rud a chuirfeadh Ó Domhnaill ar mhuineal duine a mbheadh rud ar bith deánta aige águs da n-innseochta bréag agus an Niamhograin ar a ceann teannugha[dh?] sé air agus bhainfeadh sí an ceann de.
    Bí go maith agus ní rabh go h-olc chuir Ó Domhnaill an Niamhograin ar cheann na searbogantaidhe uilig agus chuir sé morán ceisteannach ortha go dtí go dtáinig sé fad le comraduidhe Maghnuis
    " A Níamhograin Uasal atá ar mo ceann Ní mé a rinne dadaidh ar Murchaidh beag" Nuair a cuala[idh?] Murcadh beag sin dubhairt sé " Ní do atrughadh raidh a rinne é agus le sin léim anNiamhograin ar cheann Mhurchadh agus steall sé an ceann de. háinig an bhrón ar Ó Domhnaill annsin agus thug sé leis an Niamhograin agus caith sé míle agus fiche amach 'san fairrge é. Annsin nuair a bhí Murcadh marbh bha mhaith le bean Murchadh tabhairt ar Maghnus í agus posadhach níphosfadh Mabhnus í agus chuaidh sise fhad le Ó Domhnaill agus d'innis sí do fa dtaobh de agus sé an rud a dubhairt Ó Domhnaill léithe:
    " Mharbh tú Murchad ag brath ar Mhaghnuis
    Anois tá tú gan Murchadh gan Maghnus."
    Sin an dóigh a dtáinig seanfhocla sin agus gnidhthear usáid
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Eibhlín Ní hEarlaigh
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Cathal Mac Aodhchain
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Mín na bPoll, Co. Dhún na nGall