Scoil: An Sraith Mhór (uimhir rolla 15208)
- Suíomh:
- An Srath Mór, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Brighid Ní Ghaodhchain
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)a shean léim.
Bhí Labhrach na loinc bliadhain go leith 'na luighe faoi dhó o'n curaidh Ón crogach gníomhtha glain 'gus níor codhluigh sé ariamh an oidhche slán. Ó bain an sgian leis na sgamhain - Murchadh beag na Cruite.Bhí sin ann agus is fada ó bhí nuair a bhí na Ó Domhnaill na n-uachtranaí ar Dhún na nGall bhí fear clásal aige ar a dtugtaoi Murchadh beag na Críte agus bá é a fear clásal a bhfearr in Éirinn é. Bhí sé pósta agus bhí bean an gasta aige.
Fuair a bhean searbhoghantaidhe de cuid Ó Domhn[aill?] darbh ainm Maghnus le éagcaor a dheanamh ar Mhurcadh agus rinne sé sin. Lá amháin go goirid na dhiaidh sin tháinig Ó Domhnaill agus d'iarr sé ar a chuid searboghantaidhe uilig cruinniugh isteach i bhpeúrc mhóir os choinne an cháislean. Bhí an-iongant[as?] ortha uilig agus thosaigh siad uilig ag fiafruigh de a chéile caidé a bhí deanta cearr acu.
D'fiafruigh a comhraduidhe do Magnus an ra[bh?] fios aige caidé a bhí cearr agus agus dubhairt Magnus leo(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Eibhlín Ní hEarlaigh
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Cathal Mac Aodhchain
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Mín na bPoll, Co. Dhún na nGall