Scoil: Machaire Rabhartaigh

Suíomh:
Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Seán Ó Gallchobhair
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1070, Leathanach 325

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1070, Leathanach 325

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Machaire Rabhartaigh
  2. XML Leathanach 325
  3. XML “Béaloideas fá Chapaill”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Chruinnigh muinntir an bhaile agus siúd síos leo Fuair siad Éamonn i n-a shuidhe istigh sa charr amuigh ins an uisce ag "Gob an Chlóchain". Dubhairt sé fhéin gur na daione beaga thug leo é. Bhí an fear seo lá eile ag teacht anall an tráigh agus an capall ag siubhal leis ar a shuimhneas. Bhí sé idir dall a's dorchadas san am. Nuair a bhi sé abhus i lár na trágha d'imthigh an capall ar an daoraidh. Níor stad sé nó go deachaidh sé treasna an "Ranaidhe Ruaidh", fríd a rabh de chlaidhteacha ann agus fríd achan ghárradh a bhí rompa. Shíl achan duine nach mbéadh Éamonn nó an capall beo agus d'imthigh siad i n-a rith fá choinne greim a fhágháil ar an chapall acht chá rabh maith ann. Níor stad an capall nó gur shroich sé an baile. Ní rabh oiread agus geárradh amhain ar Éamonn acht tá mise ag innse duit go rabh an capall sáruighthe go maith. Mheas achan duine go bhfacaidh an capall taidhbhse.
    Aicideacha a leanann capaill.
    Seo cuid aca:- Galar garbh, fóch, salachar béil, nó grainneóga, buidheachan, Na léigheasanna atá ortha.
    Galar garbh.Bheirtear tae te agus uisge beatha do chaiple a mbíonn an aicid seo ortha. Téightear suas iad le uisge te a chuimilt ortha agus fós buiceád de uibhleóga a chur faobhtha.
    Fóch. Bheirtear greadadh de phór capógach agus í tirm do chaiple a mbíonn an aicíd seo ortha. Cineál de chasachtach atá annseo agus maireann sé tamall fada.
    Salachar béil:- Cnapán é seo agus bionn sé ar an taobh astuigh de'n bhéal ar na caiple. Dóigheann na daoiní ar shiubhal é le iarann dearg te a chuimilt ar an chnapán. Cuireann seo ar shiubhal go sásta é. Bheirtear grainneóga ar an aicid seo fosta.
    Buidheachán:- Gheibh caiple go leór bás leis an aicid seo nó tá sí iongantach olc. Gheibhtear púdar ins na siopaí fá choinne an aicid seo a léigheas. Níl fhios ag na daoine léigeas ar bith eile nó is goirid a fuair siad fios uirthí. Láidreacht, mong, agus súile an chapaill-Tá capall
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Nic Gaedhigh
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Seán Mac Pháidín
    Inscne
    Fireann
    Aois
    58
    Seoladh
    Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Dhún na nGall