Scoil: Machaire Rabhartaigh
- Suíomh:
- Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Seán Ó Gallchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Machaire Rabhartaigh
- XML Leathanach 312
- XML “Ainmhithe”
- XML “Marcáil na nAimhithe le Comhartha Speisialta”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)gamhna, agus lachain. Bíonn teach an eallaigh déanta iongantach comhgarach do'n teach. Deirtear go bhfuil ádh i mbóitheach a bheith ag imtheacht ó'n teinidh. Dá réir mar bhíonn an stoc i dteach, sin mar bhíonn an cró déanta. Thart fá'n áit seo sé an stoc a bhíonn ag na daoine ceithre cinn no cúig cinn de bha agus cupla gamhain. Bíonn ceann muirínighe ár chró an eallaigh. Nuair a deiridh duine le duine a bhíonn ag coimhead eallaigh "Nach deas an bhó í sin" agus "Sin bó mhaith" agus gan é ráth ar bith do chur uirthí deirtear go dtearn an duine sin droch-amharc ar an bhá. B'fhéidir go gcaillfeadh an bhó a chuid bainne annsin. Deirtear go mbéidh droch ádh ar an stoc má théigheann duine go dtí an bhóitheach a cheannacht ceann den eallach agus gan é an bhó a thabhairt leis.
- Marcál na n-ainmhidhthe le comhartha speiseálta. Nuair a bíos uain nó caoirigh ag gabháil chun an chnuic, cuirtear comharthaí ortha ar eagla go gcaillfidhe iad no go rachfadh siad ar sheachrán. Cuireann cuid de na daoine "Breasal" ar an druim acú agus cuireann cuid eile acú "Breasal" ar an mhuineál acú. Annsin cuireann cuid eile de na daoine marcanna eile ar a gcuid caorach. Gearrann siad béim faoi an chluais dheis, nó faoi an cluais chlé, Cuireann cuid de na daoine a n-ainmneacha ar an adhairt fosta. Sé sin le bior caol fada a chur san teinidh[?](leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Sorcha Ní Ghallchobhair
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Mín Lárach, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Díochtháín
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 57
- Seoladh
- Mín Lárach, Co. Dhún na nGall