Scoil: Machaire Rabhartaigh

Suíomh:
Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Seán Ó Gallchobhair
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1070, Leathanach 310

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1070, Leathanach 310

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Machaire Rabhartaigh
  2. XML Leathanach 310
  3. XML “Bia na nAinmhithe”
  4. XML “Ag Scairtigh ar na hAinmhithe”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    lá. Biadh maith é seo le iad a reamhrú.
    Turcaigh :- min-choirce, préataí bruighte agus coirce an gnáth bhiadh a bheirtear dóibh. Caithfidh tú cnapáin a dheánamh do'n mhin choirce le é a thabhairt dóibh mar is cóir. Bheirtear an choirce dóibh uair amháin sa lá. Bionn na préataí bruighte agus iad briste suas agus grainín min bhuidhe ortha.
    Gabhair :- Aiteann agus préataí an biadh is fólaine do ghabhair. Sé sin tuairim na ndaoine.
    Biadh fá choinne leigheasanna a dheánamh do eallach.
    Ba :- bheirtear gáirléog agus í briste suas go min do ba nuair a bhios tinneas ar bith uirthí i ndiaidh gamhain a bheith aicí. Bheirtear subh cullan daibhche dóibh nuair a bhíos tinneas ar bith ortha agus gan iad ag ithe a dhath. Tá seagal bruighte maith fosta.
    Capaill :- Greadadh de phór chapógach thabhairt dóibh dá mbeadh casachtach ortha a dtugtar "fóc" uirthi.
    Muca :- Bheirtear braon maith tae do mhuca nuair a bhíos aicid ortha. Bheirtear "bromstan" dóibh fosta.
    Cearca :- Tá col faithche agus bran maith fá choinne cearc a mbíonn aidiceaca nó galair ortha. Tá cál bruighte maith folláin ag cearca.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.