Scoil: Machaire Rabhartaigh

Suíomh:
Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Seán Ó Gallchobhair
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1070, Leathanach 271

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1070, Leathanach 271

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Machaire Rabhartaigh
  2. XML Leathanach 271
  3. XML “An Tailliúr”
  4. XML “Amhrán”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. I.
    Tháinig ár mór fá'n éánlaith a shnámhas go h-éadtrom,
    Níor bh'féarr leo an féar acu ná an t-iasg ar a líon.
    Ach na cupla lacha spéireamhal a bhí ag Peigí mar fhéirín,
    Ó, mo mhallacht don té shin, a bhain díobhtha na cinn.
    II Casadh an sionnach do Éamonn, sé labhair sé leis béarla,
    Sé dubhairt sé, "Good-day, sir, and where do you go?"
    " I cannot counsel it", ní cheilfeadh ó'n tsaoghal go ndeanfaidh muid féasta ort amuigh san Chró Mhór.
    III. Ar Éamonn gur thárlaidh an sionnach an lá sin,
    Is é tarraingt go láidir amach thríd an mhóin.
    Bhí bog-ultach sásta de lachaibh go h-árd leis,
    Is é tarraingt, tarraingt go láidir amach thríd an mhóin
    IIII. A Shionnuigh, glac camhairle is na tar fa na bóithribh,
    Nó má's nidh go gcluin Eóin é ní fada do shaoghal,
    Tá an gunna aige i n-órdughadh fá choinne do thórraimh go gcuiridh sé an tóir ort amach as an tír.
    V. Má théighidh tú go Trian Iochtar, glac mo leith-sgéal go caothamhail;
    a's mínigh dul síos duit fá mo bhrón agus fá mo leathtrom; go bhfuil uain, agus caoirigh go leór ar gach taoibh díom; agus na fiú damh-sa críochnughadh go dtí an Fhéil Eóin.
    VI. Tá Domhnall Mac Suibhne go olc damh go cinnte,
    Ní rabh cara san domhan sin dá mbéadh siad mo chomhair.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Michéal Ó Canann
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Peadar Ó Canann
    Inscne
    Fireann
    Aois
    73