Scoil: Machaire Rabhartaigh

Suíomh:
Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Seán Ó Gallchobhair
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1070, Leathanach 260

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1070, Leathanach 260

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Machaire Rabhartaigh
  2. XML Leathanach 260
  3. XML “Cleas Eile”
  4. XML “Amhrán”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Amhrán

    Seo amhrán a rinne muinntir Tharraigh indiaidh iad atheacht anall as na Stát Aontuighthe

    Amhráin.
    Seo amhrán a rinne muinntir Thoraigh indiaidh iad a theacht anall as na Stát Aontuighthe. Do chaith siad sé bliadhna thall, agus tháinig abhaile aríst le briseadh croidhe indiaidh an oileáin a d'fhág siad ina ndiaidh.
    I. An lá sin a d'fhág mise Toraighe ba dheas mo shapóg nótaí
    Ba lúthmhar éusgaidh aigeantach mo choiscéim go dtí an stáisún,
    Agus ní rabh cumhaidh orm fá aoinne acht an t-oileán a d'fhág mé[?]
    II. Ba ghoirid linn ár gcúrsa le ceól agus le damhsa ar bhórd an "California"
    Agus muid ag gábháil trasna i mbéal an Atlantic Mhóir
    Acht ní raibh muid i bhfad ins na Státaí go rabh fhios againn arathach[?]
    III. Nuair a shroich muid inne an t-oileán sin, darbh ainm oileán an n-uaisle[?}
    Bhí ceannphuirt ar gach taobh dínn, agus gan aoinne le muid a threorú
    As ba mise a bhí óg amaideach a d'fhág an t-oileán a d'fhág mé.
    Gan an obair le coimhéad ar maidín agam nó an "Landlady" le diol tráthnóna
    IV. Ní raibh aon dochtúir ins na Stataí nár chruinnigh thart fá dtaobh dínn
    Go dtainig fear fhad linn agus bheárr sé ár gcuid gruaige,
    An dara fear annsin a bhain dínn ár gcuid eudaighe;
    A's an tríomhadh fear le tomúchán mhór na gcaorach
    V. Do tháinig fear againn ina dhiaidh sin le sgríbhinn fá-choinne ár gcuid eudaighe.
    A's ba mise a bhí óg amaideach a d'fhág an t-oileán a d'fhág mé
    Im' luighe go dtí an oidhche a's gan an bhóthigh le coimhéad ar[?}
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Sorcha Ní Ghallchobhair
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Mín Lárach, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Aodh Ó Furasgaidh
    Inscne
    Fireann
    Aois
    58
    Seoladh
    Mín Lárach, Co. Dhún na nGall