Scoil: Machaire Rabhartaigh
- Suíomh:
- Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Seán Ó Gallchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)siad arán de phréataí fuara agus sgríobtha. Sin an cinéil aráin agus é bruidhte ar na h-aibhleogaí." Ag deánamh rudaí amach as cnámhaibh agus as adharcaibh".
Fadó, ní bhíodh móran soitheach ag na daoine le dadaidh a chongbháil daobhtha, nó bhí na soithigh eile ró-dhaor le ceannacht. Ba ghnáthach leo rudaí a dheánamh amach as cnámhaibh agus as ádharcaibh. Ar dtús báire théigheadh beirt fhear amach chun na páirce agus an bhó ab'fhuide a mbíodh adharca uirthí gheárrfaidhe an bárr díobh le seá. Nuair a bhíodh siad geárrtha acú bheireadh an fhear arbh' leis an bhoin ceann de na h-adharca do'n fhear eile ar shon cuidiughadh leis. Thiocfadh leo annsin rud ar bith ar mhian leo a bhaint amach asta.
Cuid acú a bhaineadh úsaid asta chun púdar a ngunna a chongbháil ar eagla go bhfuigheadh na péas amach cá raibh sé. Bhaineadh cuid eile de na daoine úsaid asta tré ola a chur isteach ina na lampaí. Is iomdha duine fosta a d'óladh a sháith póitín amach as adhairc." Ag déanamh rudaí amach as cnámhaibh
Ghníodh ár sinnséar rudaí amach as cnámhaibh fadó fá choinne cásaí pioctúirí, coinnleoirí, lampaí agus cosa sceana. Ar dtús ghniodh siad na cnámha comh mín le púdár, agus mheasgadh siad suas i n-ola é, "ola bhuidhe". Annsin léigheadh siad an dá chuid i gcupa ar an dteinidh. Nuair a bhíodh siad léighte, dhóirteadh siad síos ar an urlár é. Bhíodh lacht dheas leathán deánta annsin acú, agus thiocfadh leo é oibriú achan ndóigh ar mhian leo. Sin an dóigh a ghníodh siad na rudaí sin. Corr uair nuair a bhíodh siad ghá léigheadh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Sorcha Ní Ghallchobhair
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Mín Lárach, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Éamonn Ó Gallchobhair
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 61
- Seoladh
- Mín Lárach, Co. Dhún na nGall