Scoil: Machaire Rabhartaigh
- Suíomh:
- Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Seán Ó Gallchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Machaire Rabhartaigh
- XML Leathanach 194
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)rabh fhios aca caidé an dóigh a bhfuigheadh siad isteach . Smaointigh siad sa deireadh go rachadh siad isteach ar bhárr an t-simleóra. Chuaidh siad suas acht bhí an simleóir ró-chumhang agus ní raibh fhios aca caidé a dhéanfadh siad. Bhí fear aca a bhí iongantach beag agus iongantach caol. Rinne siad amach go rachadh an fear caol síos, agus nuair a gheobhadh sé síos, an t-airgead a chur aníos aca agus go gcuideóchadh siad leisean a theacht aníos annsin. Acht nuair a bhí sé thíos mhothuigh fear an toighe é agus d'éirigh sé Bhí craiceann bó thíos i gcionn an toigh agus chuaidh an gadaidhe síos agus chuaidh sé isteach sa chraiceann. Nuair a d'éirigh fear an toighe chonnaic sé craiceann na bó agus é ag siubhal. Sgannruigh sé agus d'fhosgail sé an doras agus d'imthigh an gadaidhe amach agus shiubhal sé leis go dtáinig sé go dtí an choillidh agus chonnaic sé an bheirt eile. ag roinnt an airgid. Acht nuair a chonnaic siad craiceann na bó ag teacht fhad leó, d'imthigh siad agus bhí an t-airgead uilig ag an fhear eile.
- Bailitheoir
- Máire Ní Ghallchobhair
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Mín Lárach, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Éamonn Ó Gallchobhair
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 67
- Seoladh
- Mín Lárach, Co. Dhún na nGall