Scoil: Luinneach (uimhir rolla 13958)
- Suíomh:
- An Luinnigh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Eoghan Mac Giolla Chomhghaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Thug an mhathair seo dithe agus d’imthigh sí agus tháinig sí fhad le tobar tháinig madadh fhad léithe agus d’iarr sé cuid de’n arán uirthí. Acht ní thabharfadh sise do é, annsin tháinig bean fhad leithe, agus chuir ceist uirthi goidé bhí sí iarraidh agus dubhairt sí gur fostadh.
Fuair sí fostadh ag an bhean seo. Thug sí cead dithe dul fríd na seomraí uilig acht seomra amháin Ór a bhí sa t-seomra seo. Nuair a bhí sí tamall ann bhris sí isteach sa t-seomra agus thug sí leithe mála óir. Fuair bean an toighe greim uirtí agus chuir sí ar shiubhal í agus bhí droc doigh uirtí.
Bhí an tríomhadh inghean ag imtheacht agus chuir a mathair ceist uirtí, cia aca b’fhearr leithe trí bhunnóg mhóra agus a mallcht nó bunnóg bheag agus a beannacht. Dubhairt sise gur b’fhearr leithe bunnóg bheag agus a beannacht. Thug a mathair seo dithe agus d’imthigh sí.
Tháinig sí fhad le tobar ní rabh sí i bhfad annsin go dtáinig madadh fhad leithe agus d’iarr sé cuid dén aran uirtí agus thug sí go leor dó. Tamall ina dhiaidh sin tháinig bean fhad leithe agus cuir sí ceist uirtí goidé bhí sí iarraidh agus dubhairt sise gur fostadh. Thug an bhean fostadh dithe agus thug sí cead dithe dul fríd na seomraí uilig acht seomra amháin Ór a bhí sa t-seomra seo. Níor bhris sí seo isteach(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Caitlín Ní Dhomhnaill
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 13
- Seoladh
- An Luinnigh, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Máire Ní Dhomhnaill
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 64
- Seoladh
- An Luinnigh, Co. Dhún na nGall