Scoil: Luinneach (uimhir rolla 13958)
- Suíomh:
- An Luinnigh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Eoghan Mac Giolla Chomhghaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí bean agus fear ann agus bhí madadh aca. Dubhairt an bhean leis an fhear go gcaithfeadh sé a dhul amach na chnuic a amharc ar na caoirigh. D'imthigh an fear agus an madadh agus bhí siad ag cuartughadh leo agus tháinig an oidhche ortha agus shuidh siad síos ar an talamh. Bhí siad tuirseach agus bhí an fear go tuirseach sin gur thuit sé ina chodladh.
Nuair a mhusgail sé arís ní raibh fhios aige caidé a bhí contráilte leis. Ní rabh éadach ar bith air agus shíl sé nach rabh sé ina chodladh acht seachtmhain. Chonnaic sé sean chóta giota taobh thall dó. Cuaidh sé anonn agus chuir sé air é. Shiubhal sé leis annsin ag tarraingt ar an bhaile agus chasadh seanbhean air agus chuir sé ceist air caidé tháinig air. D'innis seiseann dí agus chuir sé ceist uirthi cá fhad a bhí sé ina chodladh. Dubhairt sise go rabh sé ina chodladh céad agus fiche bliadhain, agus bhí iongantas ar an fhear.
Dubhairt sé go rabh ocras air. D'iarr an bhean air a dhul léithe-se na bhaile agus go dtabharfadh sí a chuid dó. Bhí lúthgháir mhór air agus d'imthigh sé léithe na bhaile. Nuair a shroich siad an baile, rinne an bhean réidh biadh dó agus d'ith sé é agus bhí sé buidheach dí.
Dubhairt sé go gcaithfeadh sé a imtheacht go dtí a theach féin agus d'iarr sé ar an bhean an bhealach a thaisbéan dó. Taisbéan an bhean an bhealach dó agus d'imthigh sé go dtí an teach, ní rabh rud ar(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Sadbha Ní Bhaoighill
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 12
- Seoladh
- Srath na Bruaí, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Máire Ní Bhaoighill
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 42
- Seoladh
- Srath na Bruaí, Co. Dhún na nGall