Scoil: Luinneach (uimhir rolla 13958)

Suíomh:
An Luinnigh, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Eoghan Mac Giolla Chomhghaill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1068, Leathanach 403

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1068, Leathanach 403

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Luinneach
  2. XML Leathanach 403
  3. XML “Scéal - An Buachaill Aimsire”
  4. XML “Tomhais”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí gasúr as ceanntar an Toir ar fastódh ar an Lagan leithchéad bhliadhain ó shoin anois agus ní rabh aon fhocal amháin Béarla aige.
    Rinne sé fastódh ar aonach an t-Srath-Bháin i mí na Bealtaine, agus lá thar na bharach nuair a d'éirigh sé ar maidin d'iarr an maighistir air an boitheach a chartughadh.
    Thug sé leis an barra-rotha agus gabhal agus thoisigh sé a d'obair go dian dícheallach. Ní rabh sé i bhfad ag obair go dtáinig an maighistir chun an bhoithighe go bhfeicfeadh sé caidé an seórt oibridhe é. Thaitin an gasúr go mór leis agus dubhairt se "good". Fá cheann tamaill eile dubhairt sé"good" ath-uair. Níor leig an gasúr a' dhath air féin aindeoin go rabh sé míshásta leis. 'San deireadh thionntuigh an maighistir ar a shálaibh ag imtheacht agus ag rádh le na linn "very good".
    Ní thiocfadh leis an ghasúr seo a fhuiling níos fuide agus sháith sé síos an (grápa) gabhal go goirgeach 'san t-suinc agus dubhairt sé. Chuirfinn sé suas le "good" agus le dhá "good" acht dacha le"very good" dé ní chuirfeadh diabhal ifrinn suas leis".
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.