Scoil: Luinneach (uimhir rolla 13958)

Suíomh:
An Luinnigh, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Eoghan Mac Giolla Chomhghaill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1068, Leathanach 428

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1068, Leathanach 428

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Luinneach
  2. XML Leathanach 428
  3. XML “Scéal - Na Trí Fhathach”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    a dhearbhrathair caite ar an talamh agus bhí sé iongantach buadhartha. D'amharc sé suas ins an creann agus chonnaic sé an gasúr. An tusa a mharbh mo dhearbhrathair? Is mé, ars an gasúr. Go n-uas ar an talamh go n-íosfadh mé thú. Nuair a bhí an gasúr ar an talamh thug an fathach iarraidh air, acht streall an gasúr an cionn dó. Thug an gasúr leis an t-eallach na bhaile ach níor innis sé gur mharbh sé fathach eile. Ar maidin lá thar na bhárach dubhairt an maighistir nár mhothuig sé ach búire amháin aréir. Níor leig an gasúr a dhath air féin. Rinne sé réidh. Thug sé leis an t-eallach agus chuaidh isteach ins an coillidh. Ní rabh sé i bhfad nuair chonnaic sé an fathach ag teacht. Léim sé suas ins an creann. Chonnaic an fathach é. "Goitse anuas" ars an fathach. Chaith an gasúr an claidheamh air agus mharbh sé é. Chuaidh sé giota eile frí an coillidh agus chonnaic sé caisleán. Chuaidh sé isteach ann agus bhí sé lán ór. Chuaidh sé na bhaile chuig an maighistir agus thug sé go bhfacaidh sé é. Cúpla lá ina dhiaidh seo phósadh nighean an mhaighistir agus an buachaill agus bhí siad ina gcomhnuidhe ins an caislean ní ba mhó.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0300: The Dragon‑Slayer
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Ní Dhuibhir
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    An Luinnigh, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Éamonn Mac Giolla Easbuig
    Inscne
    Fireann
    Aois
    60
    Seoladh
    Doirí Beaga, Co. Dhún na nGall