Scoil: Luinneach (uimhir rolla 13958)
- Suíomh:
- An Luinnigh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Eoghan Mac Giolla Chomhghaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Luinneach
- XML Leathanach 407
- XML “An Lánúin Bhocht”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear agus bean ann uair amháin agus bhí siad iongantach bocht. Chuirfeadh an fear airgead i dtaisgidh i gcomhnaidhe fá choinne na coise tinne. Chuaidh an fear amach lá amháin agus tháinig fear bocht isteach. Shíl an bhean gurbh é seo an fear 'na rabh airgead na coise tinne fá na choinne agus thug sí dó é.
Nuair a tháinig a fear 'na bhaile an oidhche sin d'innis sí dó go dtáinig an fear úd indiu. Chuir seisean ceist cerbh é an fear. Dubhairt sise gurbh é an fear 'na rabh airgead na coise tinne fá na choinne agus go dtug sí an t-airgead dó. Bhí fearg mhór air nuair a chuala sé seo. Dubhairt an bhean go gcaithfeadh siad an bhó a mharbhadh, agus an fheoil a shnáthadh leis an chál a bhí ins an gharrdhadh.
Mharbhuigh siad an bhó agus chuir seisean giota feola ar gach ceairthlín cháil. Nuair a tháinig maidean lá thar na bhárach bhí an fheoil uilig ar shiubhal leis na madaidh agus cait a bhí san áit.
Dubhairt an bhean annsin nach rabh níos fearr le déanamh ná dul amach a chruinniughadh. Nuair a bhí siad ag imtheacht d'iarr an bhean ar an fhear an doras a tharraingt amach 'na dhiaidh. Nuair a chuaidh sí giota fada b'fhada léithe gan a fear a bheith ag tarraingt suas léithe, agus ar amharc thart dhí chonnaic sí é ag teacht agus an chomhla leis ar a dhruim. Nuair a chonnaic(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Treasa Ní Cholla
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Luinnigh, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Brighid Nic Giolla Chomhghaill
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An tArd Donn, Co. Dhún na nGall