Scoil: An Tor

Suíomh:
An Tor, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Seán Mac Monagail
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1066, Leathanach 75

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1066, Leathanach 75

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Tor
  2. XML Leathanach 75
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    crann mór ag fás suas lé taobh na fuinneóige. Rachaidh mise suas ar an chrann seo go bhfeicfidh mé caidé tcífeas mé. Chuaidh Seán suas ar an chrann agus ní fhacaidh sé dadaidh. Chuaidh sé giota eile ar aghaidh gur casadh teach dó. Bhuail sé ag an dorus. Tháinig bean amach a rabh súil ar lár a héadan. "Tá ocras orm" arsa Seaghan. Thug sí brioscaí dó agus le sin mothuigh sí an fathach ag teacht. D'iarr sí ar Sheaghan "ghabhail i bhfolach san chórtha". "Chuaidh" Tháinig an fáthach isteach agus arsa seisean "mothuigheam baladh gasúra annseo" "Ní mhothuigheann tú baladh gasúire ar bith acht mothuigeann tú baladh dó dhinnéara. Tá mise ag rósadh gé duit." Shuidh sé ag na dhinneár agus d'ith sé a saith. Na dhiaidh sin thuit sé na chodhladh. Tháinig Séan isteach agus thug sé leis mála airgid agus d'imthigh sé leis.
    Lá eile tháinig Seán aníos bhuail sé ag an doras agus thárla an rud céadna a tharlaidh an lá údaidh eile. Nuair a bhí a sháith idhte ag an fhathach d'iarr sé an chearc a bhí a bréith na huibheacha óir. Nuair a bhí sé ag iarraidh ar an chearc uibh óir a rugaint, thuit sé ina chodhladh. Tháinig an gasúr amach as an chórtha agus thug sé leis an chirc.
    Lá eile tháinig Sean aníos agus tharla an rud céadna. Nuair a bhí a sháith ite aige d'iarr sé bocsa an cheóil. Fhad is bhí sé ag iarraidh an bhocsa thuit sé na chodladh. Tháinig Seán amach as an chórtha agus thug leis bocsa an cheóil. Nuair a bhí sé fhéin agus an bocsa ag gabháil amach ar an dorus: scairt an bocsa amach "A mhaighistir, a mhaighistir". Mhuscail an fathach agus d'imthigh sé indiaidh Sheáin. Nuair a bhí Seán ag bun an crainn d'iarr sé ar a mháthair an tuaigh a thabhairt amach go gasta. Thug. Ghearr sé an crann agus thuit an fáthach agus marbhadh é. Bhí Seán agus a mháthair sáidhbhir ó sin amach.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge