Scoil: An Tor
- Suíomh:
- An Tor, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Seán Mac Monagail
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Tor
- XML Leathanach 57
- XML “Tomhaiseanna”
- XML “Seanfhocla”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)uair é agus ní fhacaidh Dia ariamh é.
(Fear níos fearr nó é fhéin.)
Muiltín iarran is ruball olna air. (Snaithe astoigh an snathad.)
Tchim é 's ní fheicim é siúd ar chnoc na h-aiteanaighe é luigheann sé sa drúcht is ní éirigheann sé gan cuideachta. (Bás.)
Tomhais orm tomhais ort caide mó chuir Bríghid dealg sa bhrat. (Bior eireógaí.)
Shiubhail sé shoir agus shiubhail sé shiar, shiubhail sé Corcaigh agus gárradh Baile Átha Cliath. Bhain sé greim comh mór le capall is ba mhó an greim nó greim asala is níor bhlais sé ariamh an biadh. (Speal.)
Cé seo chugainn fríd an fairrge bean is cóta dearg oirthí agus snáithe dearg in na léinigh. (Tua Ceatha.)(leanann ar an chéad leathanach eile) - Níl tú logáilte isteach, ach tá fáilte romhat tras-scríobh a dhéanamh go hanaithnid. Sa chás seo, déanfar do sheoladh IP a stóráil ar mhaithe le rialú cáilíochta.Má chliceálann tú ar an gcnaipe sábhála, glacann tú leis go mbeidh do shaothar ar fáil faoi cheadúnas Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License agus gur leor nasc chuig dúchas.ie mar aitreabúideacht.
- Bailitheoir
- Pádraig Ó Baoighill
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Anna Ní Baoighill
- Inscne
- Baineann