Scoil: An Tor
- Suíomh:
- An Tor, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Seán Mac Monagail
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Tor
- XML Leathanach 4
- XML “Seanfhocail”
- XML “Tomhaiseanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sean Fhocail
An té tá bréagach tá sé bradach.
An té is lúgha céill is coir a réir ar dtús.
An té tá buadhartha bionn sé ag bogadaigh.
An té nach ndeán a ghnoithe an am bíonn sé na phlé-sea
An té nach gcuireann san Earrach ní bhainfidh sé san Fhoghmhar.
Olann an Righ fuigheallach an chait.
Cé bith atá saor caitheamh sé cloch.
Is fear fuigheall brachain ná fuigheall (brach) magaidh.
Is Rí gach duine ar a thoil féin.
Is fearr focal san chúirt nó púnt san sparán.
Is fearr uaigneas maith nó droch chuideachta.
An té nach bfuil ciall aige bhéarfaidh an saoghal ciall dó.
Cuir síoda ar ghabhar agus gabhar i gcomhnaidhe é.
Is cuma caidé comh fada an fad atá san lá tiocfaidh an oíche.
Ma’s olc maol is measa mullach.
Ní buan cogadh na gcarad.
Binn,béal na thost.
Sé Dia an fear is fearr.
Imthigheann na daoiní acht fanann na cnuic.
Níl san t-saoghal ach gaoth agus toit. - Níl tú logáilte isteach, ach tá fáilte romhat tras-scríobh a dhéanamh go hanaithnid. Sa chás seo, déanfar do sheoladh IP a stóráil ar mhaithe le rialú cáilíochta.Má chliceálann tú ar an gcnaipe sábhála, glacann tú leis go mbeidh do shaothar ar fáil faoi cheadúnas Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License agus gur leor nasc chuig dúchas.ie mar aitreabúideacht.
- Bailitheoir
- Ruaidhrí Mac Suibhne
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Maighread Nic Suibhne
- Inscne
- Baineann