Scoil: An Tor
- Suíomh:
- An Tor, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Seán Mac Monagail
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Tor
- XML Leathanach 29
- XML “Scéal fá Bhaoigheallach Beag na Cruite”
- XML “Scéal”
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Níl tú logáilte isteach, ach tá fáilte romhat tras-scríobh a dhéanamh go hanaithnid. Sa chás seo, déanfar do sheoladh IP a stóráil ar mhaithe le rialú cáilíochta.Má chliceálann tú ar an gcnaipe sábhála, glacann tú leis go mbeidh do shaothar ar fáil faoi cheadúnas Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License agus gur leor nasc chuig dúchas.ie mar aitreabúideacht.
- Bhí dhá fhear ann aon uair amháin agus chuaidh siad amach a d'iasgaireacht. Nuair a bhí siad amach giota san fhairrge, thoisigh sé a dh'éirigh garbh, agus bhí eagla ortha go gcaillfidh iad. Bhí fear acu seo iongantach maith ag urnaighe, déarfadh sé a urnaighe gach maidín agus gach tráthnóna. Níor dhubhairt an fear eile focal urnaighe le fiche bliadhain. Rinne sé dearmad dé ná urnaighe. Acht arsa an fear seo a bhí maith ag urnaighe leis an fhear eile "toisigh thusa a dhurnaighe nó cailfear muid" "Ó" arsa seisean, "níor dhubhairt mise focal urnaighe le fiche bliadhain, chaill mé mó urnaighe." "Ó toisigh cé bith a dhéanfas tú nó báithfear muid." Thoisigh sé agus, sé an urnaighe a bhí aige. "Ó a Dhia níor chuir mé trioblóid le fiche bliadhain ort agus má bheir tú slán an talamh an tam seo mé, b'fhéidir nach gcuirfinn trioblóid go ceann fiche bliadhain arís ort."
- Bhí gasúr agus a mháthair ann aon uair amháin agus bhí siad ná gcomhnaidhe idteach daobhtha fhéin(leanann ar an chéad leathanach eile)