Scoil: An Tor
- Suíomh:
- An Tor, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Seán Mac Monagail
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Tor
- XML Leathanach 26
- XML “Tomhaiseanna”
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Dá gcaillfinn-sa leath-choráin, agus mé ghabhail a cuartughadh, caidé dhéanfainn nuair a gheobhainn í. (stadfainn a cuartughadh)
Chuaidh sí thart ar an teach agus an dreibhlín ina diaidh. (cearc agus na h-éanacha)
Caidé é a bhfuil trí cosa air. (pota)
Caidé é a bhfuil ceithre cosa air agus é lán cluimhrigh. (leabaidh chluimhrigh)
Tá madadh rua agus gé agus pionainn chochain ar thaobh de'n loch agus caithidh an fear ceann amháin aca a thabhairt trasna san bhád gach iarraidh. Ní thig leis an ghé a leigint chóir an phionainn, nó an madadh rua a leigint chóir an ghé. Caidé mar thabharfadh sé trasna sabhailte iad.
Fr: Bhéarfaidh tú trasna an gé ar dtús, tiocfaidh tú anall aríst agus bhéarfaidh tú trasna an madadh ruadh agus bhéarfaidh tú anall an gé. Beidh pionainn chochain trasna leis agus fágaidh sé thall í. Tiocfaidh tú anall annsin fá choinne an ghé. - Níl tú logáilte isteach, ach tá fáilte romhat tras-scríobh a dhéanamh go hanaithnid. Sa chás seo, déanfar do sheoladh IP a stóráil ar mhaithe le rialú cáilíochta.Má chliceálann tú ar an gcnaipe sábhála, glacann tú leis go mbeidh do shaothar ar fáil faoi cheadúnas Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License agus gur leor nasc chuig dúchas.ie mar aitreabúideacht.
- Bailitheoir
- Máire Ní Dhomhnaill
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Conall 'Ac Domhnaill
- Inscne
- Fireann