Scoil: Rann na Feirsde

Suíomh:
Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Domhnall Ó Baoighill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1064, Leathanach 93

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1064, Leathanach 93

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Rann na Feirsde
  2. XML Leathanach 93
  3. XML “Iníon Rí Chnoc an Óir”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    agus chonnaic sé casán ag gabhail fríd an choillidh agus lean sé an casán go dtáinic sé go dtí abhainn. Bhí droichead ag gabhail trasna na habhna. Chuaidh sé trasna ar an droichead agus chonnaic léana glas a ba’ deise a chonnaic sé ariamh.
    Shuidh sé síos ag brathach a scríste a dheanamh nuair a tcíd sé chuige an spéir-bhean uasal áluinn agus cuir sí fáilte roimh mhac ríogh na hÉireann ann a ainm agus ann a shloinneadh. Tharraing sí amach brat as faoi na hascaill, spréidh ar an talamh é, leag faoi bórd bídh agus díghe agus d’iarr sí air a sháith a ithe agus a ól.
    Nuair a bhí a sháith ithte agus ólta aige thug sé buidheachas dithe. Bheir sise ar an scein agus ar an ghabhlóg a raibh sé ag baint úsaid as ta, agus ghearr sí píosa de’n fheoil a bhí ar an phláta agus d’iarr sí air a sháith a ithe.
    “A bhean uasal, ónorach”, ar’ seisean, “níór shuidh mise isteach ag tábla bídh [ná]? dígh’ ariamh gan mo sháith a ithe”.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0302: The Ogre's (Devil's) Heart in the Egg
    AT0400: The Man on a Quest for his Lost Wife
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Bríghid Ní Bhaoighill
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Mícheal Ó Baoighill
    Inscne
    Fireann
    Aois
    38
    Seoladh
    Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall