Scoil: Rann na Feirsde
- Suíomh:
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Domhnall Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)91 B'fhearr liom ghabhail i luighe 'mo throscadh ná éirghe i bhfiachaibh.
92 Barraidheacht cócairí a mhilleas an brat.
93 Bíonn an chlúdaigh fuair nuair a imthigheas an mháthair.
94 Bain an cluas de'n leiceann damh má tá mé ag innse na fírinne.
95 Bruideadh i gcionn an duirneáin.
96 Béidh a cuid fhéin ag an uaigh go dtigidh lá mor an bhreitheamhnais.
97 Ba sioc thús na hoidhche a thug ar Fhionn a chuid bróg a dhíol.
98 Béal éidín agus croidhe cuilinn.
99 Béidh luach do mhuineál ort.
100 Bheirfeadh an leanbh ciall dá athair.
101 Bhí an nimh san fheoil aca.
102 Beanglan de'n bhás, an codladh.
103 Crúthughadh na putóige, a h-ithe.
104 Chá dtug Dia fios dá mháthair.
105 Char druid Dia doras ariamh nár fhoscail sé ceann eile.
106 Chan fhuil anns an náire ach mar ghlactar í.(leanann ar an chéad leathanach eile)