Scoil: Rann na Feirsde
- Suíomh:
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Domhnall Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)75 Ballaí fuara a ghnídheas bean toighe suarach.
76 Bíonn súil le muir ach ní bhíonn súil le h-uaigh.
77 Bíonn nígheachan an tSathairn geal Dia Domhnaigh
78 Bíonn marbhadh duine eadar dhá scéal.
79 Bíonn duilleabhar áluinn agus toradh searbh ar chrann na scéimhe.
80 Béidh bearaidh ar iarraidh.
81 Bhí beannacht duine bhoicht ann a clupadaigh.
82 Beatha duine, a thoil.
83 Blas 'acha'n bhiadh salann.
84 Bhí mé ag ithe na méar asam fhéin
85 Bhí sé sáidhte go dtí a dhá súil ann a chuid oibre.
86 Bíodh rud agat féin ná bí gan é (na bí in-a éagmus)
87 Bíonn caora dhubh ar gach teaghlach.
88 Bíonn duine éiginteacht i gcomhnaidhe eadar é fhéin as a 'chroich.
89 Bláth gach géag dá dtig ag cur leis an fhréimh a tháinic.
90 Brisfidh an seagal a chroidhe mar raibh sé i gcraoibh ag Féil' Eoin.(leanann ar an chéad leathanach eile)