Scoil: Rann na Feirsde
- Suíomh:
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Domhnall Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Rann na Feirsde
- XML Leathanach 61
- XML “An Cat Breac”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- An Cat BreacBhí fear agus bean ann fad ó shoin agus bhí ingean amháin aca. Nuair a bhí an ghiorsach sé bliadhna fuair a máthair bás agus ní raibh i bhfad 'n-a dhiaidh sin gur tharraing an t-athair air bean eile.
Bhí an leas-mháthair go hiongantach olc do'n ghiorsaigh. Ní raibh siad ibhfad pósta go raibh inghean bheag aca agus bhí an leas-mháthair go h-iongantach maith dó'n ghiorsaigh seo. Ba mhaith leithe deireadh a chur leis an leas-inghin agus d'imthigh sí chuig Cailleach na gCearc.
D'iarr an chailleach uirri an leas-inghean a chur 'n-a mhuilinn le holainn le haghaidh snáth a dheanamh dí agus go n-íosfadh na cait fiadhna a bhí fán mhuileann í.
An lá thar na bharach chuir an leas-mhathair anonn 'n-a muilinn í agus beairtín olna leithe. Caidé do bharramhail nár lean an cat beag breac í. Ní fhacaidh sí é go dtí go raibh sí thall ag taoibh an mhuilinn. Chuaidh sín féin agus an cat breac isteach.
D'éirigh rí na gcat agus chuir sé bolta ar an doras. D'éirigh achan chat dá raibh sa teach agus chuir...(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Sorcha Anna Ní Dhomhnaill
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Doire na Mainséar, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Pádraic Ó Maoileagáin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 85
- Seoladh
- Doire na Mainséar, Co. Dhún na nGall