School: Rann na Feirsde

Location:
Rann na Feirste, Co. Donegal
Teacher:
Domhnall Ó Baoighill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1064, Page 61

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1064, Page 61

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Rann na Feirsde
  2. XML Page 61
  3. XML “An Cat Breac”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. An Cat Breac
    Bhí fear agus bean ann fad ó shoin agus bhí ingean amháin aca. Nuair a bhí an ghiorsach sé bliadhna fuair a máthair bás agus ní raibh i bhfad 'n-a dhiaidh sin gur tharraing an t-athair air bean eile.
    Bhí an leas-mháthair go hiongantach olc do'n ghiorsaigh. Ní raibh siad ibhfad pósta go raibh inghean bheag aca agus bhí an leas-mháthair go h-iongantach maith dó'n ghiorsaigh seo. Ba mhaith leithe deireadh a chur leis an leas-inghin agus d'imthigh sí chuig Cailleach na gCearc.
    D'iarr an chailleach uirri an leas-inghean a chur 'n-a mhuilinn le holainn le haghaidh snáth a dheanamh dí agus go n-íosfadh na cait fiadhna a bhí fán mhuileann í.
    An lá thar na bharach chuir an leas-mhathair anonn 'n-a muilinn í agus beairtín olna leithe. Caidé do bharramhail nár lean an cat beag breac í. Ní fhacaidh sí é go dtí go raibh sí thall ag taoibh an mhuilinn. Chuaidh sín féin agus an cat breac isteach.
    D'éirigh rí na gcat agus chuir sé bolta ar an doras. D'éirigh achan chat dá raibh sa teach agus chuir...
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. narratives (~478)
    Language
    Irish
    Collector
    Sorcha Anna Ní Dhomhnaill
    Gender
    Female
    Address
    Doire na Mainséar, Co. Donegal
    Informant
    Pádraic Ó Maoileagáin
    Gender
    Male
    Age
    85
    Address
    Doire na Mainséar, Co. Donegal