Scoil: Rann na Feirsde
- Suíomh:
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Domhnall Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Rann na Feirsde
- XML Leathanach 59
- XML “Murchadh Buí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)an bheirt ar an stól agus a gcúl leis an leabaidh agus creid mise go raibh an saoghal ‘n-a shuidhe ar a thóin ag an peire.
Níor b’fhada gur éirigh fear na leabtha, bheir ar a bhata, tharraing sé buille ar an óganach agus rinn crúbadán de i gcladach na teineadh. Tarraing sé an dara buille uirri-se agus chuir sé an bealach céadna í. Ghread sé orra leis an bhata agus chuidigh an gasur leis. Bhuail siad anonn agus anall iad gur fhág siad dearg ann a gcuid fola iad. Fá dheireadh d’éirigh leo an doras a bhaint amach agus dhimthigh siad le n-a n-anam.
“Tá sí ar shiubhal anois”, arsa fear a’ toighe, “agus ní phillfidh sí indiu ná amarach agus ní fearr liom í pilleadh”
Tharraing an sean-dhuine air an buideal arais agus níor stad sé fhéin ná an gasúr gur chríochnuigh siad é. D’ól siad agus cheol siad go maidín.
Nuair a tháinic solas an lae dubhairt an gasúr go gcaithfeadh seisean a ghabhail ‘n-a(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Gallchobhair
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Nóra Ní Ghallchobhair
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 54
- Seoladh
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall