Scoil: Rann na Feirsde
- Suíomh:
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Domhnall Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)525. Ní thig eolas gan aon-toigheas.
526. Ólfaidh tú romham
527. Oidhche Fhéil Pádraic a dhóigheas an tailliúir na coinnleóirí.
528. Ó thoigh an diabhail go toigh an deamhain.
529. Oidhche inide gan feoil,
oidhche nodlag gan im
oidhche Fhéil’ Bríghde gan aran
sin an rud a d’fhág an chailleach tinn.
530. Rinn sé comhrádh na colpaighe.
531. Rinneadh droch amharc air.
532. Rud a leigheasfadh duine amháin mhuirbhfeadh sé duine eile.
533. Rud is measa leat ná an bás b’féidir gur le do leas é.
534. Rud nach mian leat ní binn leat.
535. Rugadh é le spanóg airgid ann a bhéal.
536. Rud nach binn le duine ní chluin sé é.
537. Sin an fear a théidh a thóin a’s nach dearn a ghoradh.
538. Sileann an préachán gur b’é fhéin an t-éan is deise sa choill.(leanann ar an chéad leathanach eile)