School: Rann na Feirsde
- Location:
- Rann na Feirste, Co. Donegal
- Teacher: Domhnall Ó Baoighill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Rann na Feirsde
- XML Page 35
- XML “Seanráite (Seanfhocail)”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)525. Ní thig eolas gan aon-toigheas.
526. Ólfaidh tú romham
527. Oidhche Fhéil Pádraic a dhóigheas an tailliúir na coinnleóirí.
528. Ó thoigh an diabhail go toigh an deamhain.
529. Oidhche inide gan feoil,
oidhche nodlag gan im
oidhche Fhéil’ Bríghde gan aran
sin an rud a d’fhág an chailleach tinn.
530. Rinn sé comhrád na colpaighe.
531. Rinneadh droch amharc air.
532. Rud a leigheasfadh duine amháin mhuirbhfeadh sé duine eile.
533. Rud is measa leat ná an bás b’féidir gur le do leas é.
534. Rud nach mian leat ní binn leat.
535. Rugadh é le spanóg airgid ann a bhéal.
536. Rud nach binn le duine ní chluin sé é.
537. Sin an fear a théidh a thóin a’s nach dearn a ghoradh.
538. Sileann an préachán gur b’é fhéin an t-éan is deise sa choill.(continues on next page)A more recent version of this transcript is awaiting approval