Scoil: Rann na Feirsde
- Suíomh:
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Domhnall Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Rann na Feirsde
- XML Leathanach 183
- XML “An Gadaí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)a chur agus d´imthigh sé agus an bhraithlín leis.
Go gearr ´n'a dhiaidh sin tháinic fear an toighe é fhéin isteach agus chuir an bhean ceist ar chuir sé an corp agus dubhairt sé gur chuir.
Annsin chuaidh sé a luighe ach nuair a chuaidh sé isteach faoi 'n éadach ní raibh braithlín ar bith faoi. Chuir sé ceist ar an mhnaoi cá raibh an bhraithlín agus ar' sise, "nach dtug tú fhéin leath amach í tá tamall ó shoin".
"Ní thug", ar' seisean, "Cuirfidh mé geall leat go bhfuil sí ar shiubhal le Billí agus is muid a fuair sé amaideach. Bhuail sé bob orainn agus tá an bhraithlín leis".
Ar maidin lá thar na bharach siud an duine uasal anonn 'dtoigh bhillí agus dubhairt se, "Rinn tú sin go maith aréir, a Bhillí".
"Rinn go dearbhtha", arsa Billí
"Anois", ars' an duine uasal, "caithfidh tú mé fhéin a ghoid anocht", agus d'imthigh sé leis 'n-a bhaile.
Le clapsholas an oidhche sin chuaidh an fear uasal i bhfolach anns an uaig a d'fhoscail(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Pádraic Mac Páidín
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Prionnsias Mac Páidín
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 41
- Seoladh
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall