School: Rann na Feirsde
- Location:
- Rann na Feirste, Co. Donegal
- Teacher: Domhnall Ó Baoighill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Rann na Feirsde
- XML Page 183
- XML “An Gadaí”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)a chur agus d´imthigh sé agus an bhraithlín leis.
Go gearr ´n'a dhiaidh sin tháinic fear an toighe é fhéin isteach agus chuir an bhean ceist ar chuir sé an corp agus dubhairt sé gur chuir.
Annsin chuaidh sé a luighe ach nuair a chuaidh sé isteach faoi 'n éadach ní raibh braithlín ar bith faoi. Chuir sé ceist ar an mhnaoi cá raibh an bhraithlín agus ar' sise, "nach dtug tú fhéin leath amach í tá tamall ó shoin".
"Ní thug", ar' seisean, "Cuirfidh mé geall leat go bhfuil sí ar shiubhal le Billí agus is muid a fuair sé amaideach. Bhuail sé bob orainn agus tá an bhraithlín leis".
Ar maidin lá thar na bharach siud an duine uasal anonn 'dtoigh bhillí agus dubhairt se, "Rinn tú sin go maith aréir, a Bhillí".
"Rinn go dearbhtha", arsa Billí
"Anois", ars' an duine uasal, "caithfidh tú mé fhéin a ghoid anocht", agus d'imthigh sé leis 'n-a bhaile.
Le clapsholas an oidhche sin chuaidh an fear uasal i bhfolach anns an uaig a d'fhoscail(continues on next page)- Collector
- Pádraic Mac Páidín
- Gender
- Male
- Address
- Rann na Feirste, Co. Donegal
- Informant
- Prionnsias Mac Páidín
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Age
- 41
- Address
- Rann na Feirste, Co. Donegal