School: Rann na Feirsde
- Location:
- Rann na Feirste, Co. Donegal
- Teacher: Domhnall Ó Baoighill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Rann na Feirsde
- XML Page 184
- XML “An Gadaí”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)an gasúr an oidhche roimhe sin, ach bhí fhios ag an gasúr cá deachaidh sé i bhfolach
Spréidh an gasúr, an bhraithlín bán a ghoid sé o'n duine uasal, anuas ar a ghuailneacha agus d'imthigh leis go dtí an roilic. Bhí mála mór leis fosta agus nuair a fuair sé é fhéin taobh istigh de gheafta na roilice thoisigh sé a scairtigh - "Éirigidh, Éirigidh, agus tarraigidh liom 'n-a bhflaithis"
"An dtabhairfidh tú mise leat?" ars' an fear uasal ag scairtigh aníos as an uaigh.
"Bheirfidh", arsa Billí, "gabh isteach anns an mhála seo".
Chuaidh an fear isteach anns an mála agus d'imthigh an gasúr, agus an fear uasal leis anns an mhála agus ní raibh a'n carraic na a'n screabán dár casadh air ar an bhealach nar tharraing sé an mála 'n-a mhullach. Fá dheireadh tháinic sé 'n-a bhaile agus bhí an fear uasal chomhair a bheith sa smeach dheireannaighe aige.
Dubhairt an fear uasal annsin gur cheart(continues on next page)- Collector
- Pádraic Mac Páidín
- Gender
- Male
- Address
- Rann na Feirste, Co. Donegal
- Informant
- Prionnsias Mac Páidín
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Age
- 41
- Address
- Rann na Feirste, Co. Donegal