School: Rann na Feirsde
- Location:
- Rann na Feirste, Co. Donegal
- Teacher: Domhnall Ó Baoighill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Rann na Feirsde
- XML Page 182
- XML “An Gadaí”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Fad agus bhí sé 'n-a chodladh tharraing Billí suas an corp, ghearr sé an ropa, agus leig sé síos arais é. Ag an mheadhon-oidhche mhuscail an fear, d'éirigh sé, chaith air scriosán éadaigh agus thug leis an corp amach
Nuair a fuair Billí an doras foscailte agus an fear amuigh, chuaidh sé isteach agus suas go colbha na leabtha. Shaoil an bhean sa dorchadas gur a fear fhéin a bhí ann agus chuir sí ceist air ar chuir se an corp. Dubhairt sé nach raibh an corp fuar go leor go fóill agus chuaidh sé isteach a luighe.
Go luath agus fuair Billí é féin sa leabaidh, ní raibh se 'n-a thost, ná thoisigh sé ag cathadh síos na braithlíne le n-a chosa go dtí go raibh sí shíos ag cois na leabtha aige
Chuir an bhean ceist air caidé bhí ag teacht air agus dubhairt sé go raibh sé fuar agus go raibh sé ag iarraidh é fhéin a théidheadh. I gcionn tamaill bhig dubhairt sé go raibh an t-am aige ghabhail amach arais agus an corp(continues on next page)- Collector
- Pádraic Mac Páidín
- Gender
- Male
- Address
- Rann na Feirste, Co. Donegal
- Informant
- Prionnsias Mac Páidín
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Age
- 41
- Address
- Rann na Feirste, Co. Donegal