Scoil: Rann na Feirsde

Suíomh:
Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Domhnall Ó Baoighill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1064, Leathanach 114

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1064, Leathanach 114

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Rann na Feirsde
  2. XML Leathanach 114
  3. XML “Iníon Rí Chnoc an Óir”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Ríogh Chnoc an Óir le cúrsa damhsa a dheanamh agus nuair a bhí siad ag teacht thart ar an urlár chonnaic sí an fáinne ar a mhéar agus d’aithin sí é agus bhí lúthghair an domhain uirri roimhe as an ghaisgidheacht a rinn sé le theacht go baile Chnoc an Óir.
    Tar éis an chursa damhsa sin chuaidh siad a innse scéaltach agus fágadh scéal ar inghean Ríogh Chnoc an Óir mar dhuine. Dubhairt sí gur cheannuigh sí bocsa fá choinne a cuid éadaigh a chur ann agus go raibh glas agus eochair air. “Caill mé an t-sean eochair”, ar’ sise, “agus b’éigean damh eochair úr a cheannacht. Fuair mé sean-cheann anocht agus ba’ maith liom sibh innse damh circa a chongbhochas mé - an t-sean eochair ná an eochair úr”.
    Dubhairt lucht na bainse go hiomlán as béal a chéile gur b’í an t-sean-eochair a ba’cheart dithe a chongbhailt.
    “Má’s mar sin atá”, arsa inghean Ríogh Chnoc an Óir le mac Ríogh na Gile, “is tusa an eochair ur, agus is mac Ríogh na hEireann an
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0302: The Ogre's (Devil's) Heart in the Egg
    AT0400: The Man on a Quest for his Lost Wife
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Bríghid Ní Bhaoighill
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Mícheal Ó Baoighill
    Inscne
    Fireann
    Aois
    38
    Seoladh
    Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall