Scoil: Rann na Feirsde
- Suíomh:
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Domhnall Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)dála taisbean an fáinne duithe agus béidh sí agat fhéin mar mnaoi má tá sí i ndán duit”.
Annsin scríobh an fathach amach giota de phaipear agus thug sé do mac Ríogh na hÉireann é agus d’iarr sé ar an éan an paipear sin a thabhairt chuige-san arais le Taisbeaint do gur fhág sé mac Ríogh na hÉireann slán sábhailte i nbaile Chnoc an Óir.
D’fhág mac an Ríogh slán ag an fhathach agus d’imthigh sé fhéin agus an t-éan. Rinn an t-éan mar h-iarradh air. Annsin tháinic sé caol díreach arais agus thug an paipear dó’n fhathach.
Ghlac mac an Ríogh a lóistín anns an teach ósta a ba’ chomhgaraigh do chaislean an ríogh, agus nuair a chuaidh na curthaidheacha amach níor fágadh ar deireadh é.
Tháinic oidhche na bainse - is cosamhail anns an am sin go caithidh an bainis roimh an phósadh - agus chuaidh mac Ríogh na hÉireann na bainse mar dhuine. Nuair a bhí lucht na bainse uilig cruinn agus an fidleóir i [gcionn]? i na fidle ag seinm, thóg mac an Ríogh inghean(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Bríghid Ní Bhaoighill
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Mícheal Ó Baoighill
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 38
- Seoladh
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall