Scoil: Loch an Iubhair (uimhir rolla 16829)
- Suíomh:
- Loch an Iúir, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraic Mac Giolla Bhríghde
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Loch an Iubhair
- XML Leathanach 34
- XML “Mac an Iolair”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Mac An Iolair
Bhí Rí a’s bainríoghain ann aon uair amháin, a’s ní rabh aca ariamh acht a’n inghean amháin, a’s ní rabh innti acht tachrán san am seo Rachadh an t-athair amach achán lá a sheilg roimh éirigh gréine.
Aon mhaidean amháin chuaidh sé amach a’s a guna leis a’s tchí sé iolar mór ag teacht a’s leanbh ‘na bhéal leis. Scaoil sé leis agus thuit an leanbh anuas ag n-a chosaibh, a’s le sin d’imthigh an t-iolar. Chuir sé an leanbh faoi na chóta a’s thug isteach chuig an bhainríoghain é. Bhí luthgháir mhór ortha roimhe nó níor shoillsigh grian ariamh ar a’n leanbh a bhí comh dheas leis.
Thóg siad go curmach é a’s thug siad scoil a’s foghluim árd dó. Nuair a bhí sé ocht mbliadhna dheuga ní rabh fear ar bith a bhí ábalta é a bhuaileadh amach ag aon chineál cleasa a’s ar an adhbhar sin ghlac siad uilig fuadh dó cionnus go rabh sé ábalta iad a bhuaileadh amach(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Nich Gríanna
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Loch an Iúir, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Peadar Mac Gríanna
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Loch an Iúir, Co. Dhún na nGall