Scoil: Leitir
- Suíomh:
- Teampall Cróine, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Proinsias Ó hEachaidh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Leitir
- XML Leathanach 193
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Scéal (ar lean)
“Bhí fear agus bean agus giorrsach ann uair amháin. Fuair an bhean bás agus phós an fear bean eile. Bhí an bhean seo iongantach olc do'n ghiorrsach.”
(ar lean ón leathanach roimhe)ghiorrsach. Tháinig sí agus d’imthigh siad. Nuair a bhí siad ag teacht ag an fhairrge cuir an spideóg an ghiorrsach ar a dhruim. Nuair a bhí siad amuigh ilár na farraige dubhairt an spideóg leis an ghiorrsach é iomchur anois nó bhí sise tuirseach. Dubhairt an ghiorrsach nach rabh sí abhálta é iomchur agus dubhairt an spideóg leis an ghiorrsach amharch faoi na h-eiteóg agus go bhfuigheadh sí slat agus é a chaitheadh amach san fhairrge fuair sí an slat agus chaith sí amach ins an fhairrge é agus thainig oileán bheag amuigh san fhairrge, agus d’fhan siad annsin go dtearn siad a sgríste. Anois arsa an spideóg an tusa a rachas ar mo dhruimsa no an mise a rachas ar do dhruimsa. Thoisigh an ghiorrsach ag caoineadh ag rádh go mbaidhfidhe eise, gabh ar mó dhruimsa arsa an spideóg. Chuaidh sí ar a dhruim agus tháinig siad idtír ar an taobh eile. Anois arsa an t-éan amharc faoi mó eiteóg agus gheobhaidh tú slat bheag ann agus buail ar an chloch sin bhuail an ghiorrsach ar an chloch agus d’fhosgal an cloch amach agus chuir sí na rudaí isteach sa cloch. Na caill a choidhche an slat no ní bhfuigh tú do chuid éadaigh a coidhche.
Siud thíos caisleán do theach agus tá cailín(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Brighidh Ní Chailín
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Brighidh Ní Dhomhnaill
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 50
- Gairm bheatha
- Feirmeoir beag (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Leitir Mhic an Bhaird, Co. Dhún na nGall