Scoil: Leitir

Suíomh:
Teampall Cróine, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Proinsias Ó hEachaidh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1062, Leathanach 194

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1062, Leathanach 194

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Leitir
  2. XML Leathanach 194
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Scéal (ar lean)

    Bhí fear agus bean agus giorrsach ann uair amháin. Fuair an bhean bás agus phós an fear bean eile. Bhí an bhean seo iongantach olc do'n ghiorrsach.

    (ar lean ón leathanach roimhe)
    fostaí a dhith ortha. Sé an Rí agus an mac atá i na gcomhnuidhe ann. Chuaidh an cailín suas go dtí an teach agus rinne siad í fostach. An chead domhnach d’imthigh an mac agus an Rí chun an Aifreann agus d’imthigh an cailín síos go dtí an cloch thug sí amach gúna do gach aon dadh de éan atá sa spear agus bróga orá agus d’imthigh chun an Aifreann agus d’fág sí ar na paidreacha deireannach agus bhain diotha na h-éadaigh. Tháinig an mac agus an Rí na bhaile agus thoisigh siad ag cainnt fa’n bhean deas. An darna Domhnach chur sí chun an Aifrinn. Nuair a bhí an sagairt ar na paidreacha deireannach d’éirigh sí agus d’imthigh sí. Tháinig an Rí agus an mac chun na bhaile agus thoisigh siad ag cainnt fa’n bhean deas. Arsa an mac an darna Domhnach fanochaidh mise shíos ag an doras agus nuair a bhéas sí ag dhul amach ar an doras bainfidh mé an bhróg de na cois.
    D’imthigh siad chun an Aifreann Dia Domhnach Agus nuair a bhí an sagairt ar na paidreacha deireannach d’éirigh sí agus d’imthigh sí. Nuair a bhí sí ag dhul amach ar an doras thug an mac an bhróg díthe. D’imthigh sí ag rachaidh ar leath chois. Tháinig an mac agus an Rí agus an bhróg leobhtha. Dubhairt an mac nach bposadh sé aon bhean a coidhche ach an bhean a rachadh an bhróg oirtí. Chruinnigh gach aon duine go bhfeiceadh siad an rachadh an bhróg ortha. Ní rachaidh an bhróg ar duine ar bith aca. Dubhairt
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0510: Cinderella and Cap o' Rushes
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Brighidh Ní Chailín
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Brighidh Ní Dhomhnaill
    Inscne
    Baineann
    Aois
    50
    Gairm bheatha
    Feirmeoir beag (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Leitir Mhic an Bhaird, Co. Dhún na nGall