Scoil: Na Cruacha (uimhir rolla 14879)
- Suíomh:
- Na Cruacha, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Máire C. Ní Chinnéide
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)agus achan chineal dath a bheith ortha. Ní thiocfadh leithí iad a dheánamh agus ag tuitim na h-oidhche shuidh sí síos agus thoisigh sí ag caoineadh. Ní fada ag caoineadh í uair a tháinig bean isteach agus cos amháin an-mhór mhíofur uirthi. Rinne sí an obair do'n chailín , ach dubhairt sí leithí go gcaithfeadh sí cuireadh a thabhairt dí féin agus do mhnaoi na h-oidhche roimhe 'na báinnse. Dubhairt an cailín go dtabharfadh agus fáilte. Bhí áthas agus iongantas ar bhean an toighe nuair a chonnaic sí go rabh an obair deánta agus thug sí suipeár agus leabaidh an-mhaith ar fad dí.
An tríomhadh lá cuireadh isteach sa seomra céadhna í agus tugadh an-rud lín dí le sniomh roimh an oidhche. Ní rabh an cailín ábalta é a dheánamh ach san tráthnóna mall ce tháinig isteach ach bean agus lámh an-mhór uirthi. Dubhairt sí leis an chailín go ndeánfadh sí duithí(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire C. Ní Chinnéide
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cill Riáin, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Peadar Mac Diarmuid
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 52
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Cruach Leac, Co. Dhún na nGall